← Isteach leo i bpúirín beag, agus chuir siad síos tine. 🔊
← Nuair a tháinig an tráthnóna, dúirt an sionnach leis an gcoileach: "Tá sé chomh maith againn a dhul isteach go dtí an púirín". 🔊
← "Níl ár ndóthain ite againne go fóill", arsa an coileach, "ach téigh isteach go fóill beag thú féin, agus beidh muide isteach i do dhiaidh". 🔊
← Chuaigh an sionnach isteach, agus nuair a fuair an coileach agus an cheaircín imithe isteach é, d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad féin leo go dtí a dtír féin arís. 🔊